Artist, Poet and Musician enter The Lab in Dingle to re-invent Nollaig na mBan.

Áine Ní Chíobháin – Ráiteas

Bhuail mé fhéin agus Áine Moynihan le chéile ag comhdháil ealaíne ar Inis Oírr  roinnt blianta ó shin. Is ansin a thárla an chéad táthú ealaíne agus focal, mise ag taispeáint píosa físe agus Áine eile ag scríobh dán mar gheall air ina dhiaidh sin. Bhíos an-shásta ar fad mar gheall ar sin. Ag obair le chéile ina dhiaidh sin ar sheit ‘Chun na Farraige Síos’, le J M Synge sa Lab, fuair an bheirt againn inspioráid as comhacht na farraige sa dráma. Bheartaíomar oibriú le chéile ar an insealbhú seo sa Lab faoin dteideal céanna. 

As sin amach d’fhás an bun-smaoineamh agus thosnaíomar ar thuras pearsanta ag úsáid na farraige mar théama.
Dheineas fhéinigh staidéar ag imeall na farraige, ón spéir anuas, ar bharra an uisce, agus fén uisce. Ar an dturas go dtí seo chonac an nádúr á aithris féinigh, srutháin ar nós ríbeadáin, cuas ar nós coirp, agus pluais mar bhroinn. Bhailíos seoda ón dtráigh, agus ón ndomhan fothoinn. Thug focail Áine eile mé ar thuras agus sinn ar an dtonnfhad céanna, ‘go suaimhneas fothoinn, go ciúnas na mbroinn’. Tugadh thar n-ais mé go cuimhní m’óige agus mé ag cleachtadh ar thráigh, scanraithe roimis na tonntracha móra a bhí chun mé a shlogadh amach sa taoide, tógtha le hárthach seoil greannta ar charraig nó meallta ag smugairle róin fothoinn.
Sa dúthaigh seo táim timpeallaithe le daoine go bhfuil taithí acu ar an bhfarraige, cleas trá, iascairí, bádóirí, marcaigh toinne agus tumadóirí. Téann a cuid scéalta i bhfeidhm orm. Nuair a chónaíonn tú in aice na farraige is deacar maireachtaint gan í.

Tugann na tonnta fuinneamh dom.  Músclaíonn gluaiseacht na farraige cruthaitheacht agus spioradálacht ionam. Ag an am céanna deirtear go bhfaigheann an fharraige a cuid féin i gcónaí agus tá sé sin le braistint uaireanta nuair atá an fharraige suaite. Seo turas a thosnaigh i gCorca Dhuibhne agus a thug thar toinn amach mé fhéin agus Áine Eile. Spreag focail ó dhánta Áine mé, í ag cur splanc i mo chuid pictiúirí lena guth séimh. Tríd mo chuid samhlaíochta agus mé ag taibhreamh, bhÁineas triail as domhan teibí, drámatúil a chruthú, ar chanbhás agus ar phár ag deileáil leis an aistear féinaithne seo agus mé ag dul Chun na Farraige Síos.

We met, Áine Moynihan and I, at an art forum on Inis Oirr a few years ago. It was there that the first collaboration happened. I was projecting a video piece and Áine later wrote a poem about it. I was delighted. We began working together in An Lab a few years later on a play by J. M. Synge called Chun na Farraige Síos. We both found inspiration in the power and fatality of the sea. We decided to collaborate on an art installation responding to this. From there began a personal journey using the sea as our theme.
My studies began with the boundary areas of the sea. I collected gems from the beach and brought them home to study. Áine Eile’s words provided inspiration and more imagery. On the surface of the water, underneath and everywhere I saw nature repeating itself, streams like capillaries, inlets like body parts, caves and mermaid’s purses like watery wombs, phosphorescence like faraway cities.
I was brought back to memories of childhood, playing on the strand, rubbing my hand across a carving of a tall ship on a rock, fascinated by jellyfish and scared of the real and of the imagined. The beach was a magical place then and it still is.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

w

Connecting to %s