Artist, Poet and Musician enter The Lab in Dingle to re-invent Nollaig na mBan.

Aside

Chun na Farrraige Síos. Ealaíontóir, File agus Ceoltóir ag ath-chruthú Nollaig na mBan in An Lab

Ealaíontóir, File agus Ceoltóir ag ath-chruthú Nollaig na mBan in An Lab.

Ar an 6ú Eanáir 2012, cuireann Amharclann An Lab sa Daingean saothar nua i láthair a thugann fís ealaín, filíocht agus ceol le chéile. Ceiliúradh is ea é de chumhacht na Bandachta ar Nollaig traidisiúnta na mBan.

Spreagtha ag an dráma Chun na Farraige Síos le JM Synge, tháinig ealaíontóir Áine Ní Chíobháin agus Aisteoir/File Áine Moynihan le chéile le ceoltóir Rónán Ó Snodaigh ó Kila chun imeacht ealaíne nua agus beo a chruthú. Tugtar Chun na Farraige Síos ar an saothar seo leis. Déanann an bheirt ealaíontóir scrúdú agus léiriú ar an dtionchar atá ag an bhfarraige ar a saoil. Baineann siad leas as na féidearthachtaí go léir a bhaineann le spás amharclainne chun a gcuid oibre a chur i láthair. Tá íomhánna Áine Ní Chíobháin, atá lán de mhothúcháin agus cumhacht agus focail fhileata, liriceacha Áine Moynihan, neartaithe ag an gcaidreamh ealaíne fad-téarmach atá eatarthu. Cuireann an scór, cumtha go speisialta agus seinnte ag Rónán Ó Snodaigh go mór le h-atmaisféar draíochtach na h-insealbhaithe seo.

Beidh an taispeántas oscailte don bpobal ar an Sathairn agus ar an Domhnach an 7ú agus 8ú lá idir 6i.n. agus 8i.n.

Tá an tionscnamh seo urraithe ag Ealaín na Gaeltachta.

Eolas: Áine Moynihan, 0878546572, ainemoy@eircom.net, http://www.anlab.ie.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s